Páirc Phobail uile-aimsire-An Sean Phobal
Tá tacaíocht tugtha ag Comhpháirtíocht LEADER Phort Láirge Teo don tionscadal seo mar chuid dá straitéis chun cabhrú le Pobail Áitiúla áiseanna áineasa a fhorbairt i sprioc-cheantair tuaithe, faoi bhrat an Bhirt Um Bunseirbhísí de chuid an Chláir Náisiúnta Um Fhorbairt Tuaithe. Tá trí ghné ag roinnt le straitéis áitiúil na cuideachta, an ghné Shóisialta, an ghné Chultúrtha agus an ghné Phobail de. Tá Comhpháirtíocht LEADER Phort Láirge Teo ag páirtmhaoiniú an pháirc phobail uile aimsire seo a thógáil agus a fhorbairt, ag cur áis/saoráid áineasa ar fáil sa cheantar, a bhfuil géarghá léi.





